Gailearaithe Grianghraf

There are no available at the moment.

Call back soon, or check out our other galleries opposite.

Téarnamh Flash

Nollaig 2019

Na daltaí ag freastal ar an seomra galánta Téarnaimh Flash i nGaoth Dobhair chun a matáin a leigheas agus a neartú i ndiaidh seachtain fada ag damhsa. Thug Paul treoir iomlán do na daltaí ar an trealamh ar fad agus bhí tumadh beag acu san fholcadán oighreata ag an deireadh.

FÉACH AR GHRIANGHRAIF »


Scrúduithe Damhsa

Nollaig 2019

Ghlac cuid dár ndamhsóirí nua-aimseartha páirt sna scrúduithe airgid agus óir sa snagcheol, chomh maith le Grád 5 sa Damhsa Nua-Aimseartha i nDún Droma. Tógadh Grád 5 sa bhailé fosta sa ‘Dance House’. Obair iontach a ghirseachaí! Tá an snagcheol déanta anois — ar aghaidh linn go Grád 6 sa bhailé.

FÉACH AR GHRIANGHRAIF »


Measúnuithe & Ceardlann

Bealtaine 2019

Tháinig Ciara Kavanagh le scrúdú a dhéanamh ar bhailé, damhsa nua-aimseartha agus cniogdhamhsa. Chuir sí ceardlanna iontacha ar fáil do na daltaí fosta. Is pléisiúr atá ann i gcónaí Ciara a bheith linn.

FÉACH AR GHRIANGHRAIF »


Grianghraif Ranga

Feabhra 2019

Seo roinnt grianghraf de na Ballerinas Beaga agus na Ballerinas Bunscoile ag ranganna i mí Eanáir & Feabhra 2019.

FÉACH AR GHRIANGHRAIF »



Is é an t–aon teorannú atá orainn ná ár gcreideamh go bhfuil sé amhlaidh…

Moshe Feldenkrais

Geamaireacht

Nollaig 2018

Bhí bród ar ár ndamhsóirí páirt a ghlacadh sa chéad gheamaireacht a bhí in Amharclann Ghaoth Dobhair le 40 bliain anuas. “Balor na Súile Nimhneach” - sé léiriú iontach a cuireadh i láthair agus bhain muid sult den scoth as gach bomaite.

FÉACH AR GHRIANGHRAIF »


Léiriú Damhsa

2018

Bhí léiriú againn i nAmharclann Ghaoth Dobhair. Tháinig Anna ó ‘Cheeky Faces’ agus rinne sí péinteáil aghaidhe dochreidte. Chruthaigh Emily Bazeley na cultacha iontacha agus an Uaimh Iontach.

Seachtain damhsa den scoth a bhí ann — níl a dhath cosúil leis na sceitimíní a mhothaíonn tú sula dtéann tú ar an ardán!

FÉACH AR GHRIANGHRAIF »


Léiriú Damhsa

2016

Bhí léiriú den chéad scoth againn i nAmharclann An Ghrianáin i Leitir Ceanainn. D’athraigh an charraig ó “The Little Mermaid” go sléibhte sneachta Arendelle. Le trollanna, réinfhianna, fir sneachta agus carranna sleamhnáin — deireadh seachtaine lán draíochta a bhí ann.

FÉACH AR GHRIANGHRAIF »


Léiriú Damhsa

2014

Bhí léiriú againn i nAmharclann An Ghrianáin. Bhí an ceol chomh spreagúil gur thosaigh muid ag damhsa taobh thiar den stáitse! Bhí Phil Ruddock gnóthach i mbun péinteáil aghaidhe agus rinne Emily Bazely cultacha iontacha a dhearadh.

Athraíodh an charraig an t-am seo go Mount Olympus. Ba é seo an bhliain a bhí na gasúirí hip-hop ag damhsa in Acht 2 le “Who Let the Dogs Out”— cuimhní iontacha!

FÉACH AR GHRIANGHRAIF »



Is é atá i gceist le damhsa ná a bheith lasmuigh díot féin, níos mó, níos áille, níos cumhachtaí... is í seo an chumhacht, is glóir ar talamh í agus is leatsa í le glacadh.…

Agnes de Mille