Ranganna Bailé Réamh-Pointe

Tá an rang seo oiriúnach do mhic léinn bailé atá ag ullmhú don obair phointe. Is seisiún oiliúna é atá dírithe ar matáin dhomhain faoi leith a láidriú, cobhlaíocht lárnach chomh maith leis na rúitíní a láidriú le hiad a chur in oiriúint le haistriú go sábháilte go bróga pointe.


Tá na ranganna seo dírithe ar pháistí agus ar mhic léinn os cionn12 bliana d’aois. Dhéantar theicníc agus ealaín an damhsa a fhorbairt, chomh maith le foclóir nua a mhéadú agus scileanna níos forbartha a chur leo.

Cuireann an damhsa smacht, comhordú, cuimhne, solúbthacht, neart, líne, galántacht agus seasmhacht chun cinn. Déantar féinmheas dearfach a fhorbairt agus féinmhuinín a chothú, cuidíonn sé le spóirt eile agus tá spraoi iontach ag baint leis! 

Tá gach páiste ábalta buntheicnící a thuiscint agus a leanúint má dhéantar iad a thaispeáint agus a mhúineadh i gceart.

Ceann de na bronntanais is mó a thig leat a thabhairt do do phaiste ná deis a thabhairt dóibh an damhsa a fhoghlaim.




Éide Ranganna Bailé Sinsearach

Seo a leanas na roghanna éadaigh dár Ranganna Bailé Réamh-Pointe; cliceáil ar aon cheann de na naisc thíos chun an mhír a fheiceáil nó/agus a cheannacht ónár siopa ar líne.

Ionaid & Amchlár

Tá ranganna Bailé Réamh-Pointe ar siúl faoi láthair i 4 ionaid i gContae Dhún na nGall.

Caith súil ar an amchlár Bailé Réamh-Pointe thíos le laethanta, amanna & ranganna, nó amharc ar ár n-amchlár iomlán anseo.
Lá Áit Am Rang
Máirt Clochán Liath 5:00 - 5:45in Bailé Réamh-Pointe
Céadaoin Ghlaisigh 7:15 - 8:00in Bailé Réamh-Pointe
Féach ar fad Bailé Sinsearach »

CUIR CEIST NÓ DÉAN ÁIRITHINT ANOIS




Teistiméireacht a Tugadh

Tá m’iníon ag freastal ar Scoil Damhsa Forristal le 10 mbliana anuas, ag foghlaim bailé, damhsa nua-aimseartha agus snagdhamhsa.

Is cuid mhór dá saol í an scoil damhsa agus tá sé i gceist aici staidéar a dhéanamh ar an damhsa mar ghairm bheatha.

Is múinteoir iontach díograiseach í Deirdre a spreagann gach damhsóir go barr a gcumais.

caroline mc fadden