Bailé Grád 1


Tá na ranganna seo dírithe ar pháistí ó 9 mbliana d’aois ar aghaidh. Tosaíonn siad ag mionchoigeartú theicníc an bhailé agus ag neartú na bprionsabal bunúsach, agus an cruthaitheacht, spraoi agus samhlaíocht á gcoinneáil i gcroílár an ranga.

Cuireann damhsa smacht, comhordú, cuimhne, solúbthacht, neart, líne, galántacht agus seasmhacht chun cinn. Déanann léiriú féinmheas dearfach a fhorbairt agus féinmhuinín a chothú, cuidíonn sé le spóirt eile agus tá spraoi iontach ag baint leis!

Tá gach páiste ábalta buntheicnící a thaispeántar dóibh a thuiscint agus a leanúint má dhéantar iad a léiriú i gceart.

Ceann de na bronntanais is mó a thig leat a thabhairt do do pháiste ná deis a thabhairt dóibh an damhsa a fhoghlaim.

Tá na ranganna seo dírithe ar pháistí ó 9 mbliana d’aois ar aghaidh. Tosaíonn siad ag mionchoigeartú theicníc an bhailé agus ag neartú na bprionsabal bunúsach. Ní hamháin sin, ach déantar cinnte go bhfuil cruthaitheacht, spraoi agus samhlaíocht a gcaomhnú i gcónaí.




Éide Ranganna Bailé Idirmheánach

Seo a leanas na roghanna éadaigh dár Bailé Grád 1; cliceáil ar aon cheann de na naisc thíos chun an mhír a fheiceáil nó/agus a cheannacht ónár siopa ar líne.

Ionaid & Amchlár

Tá ranganna Bailé Idirmheánach ar siúl faoi láthair i 4 ionaid i gContae Dhún na nGall.

Caith súil ar an amchlár Bailé Idirmheánach thíos le laethanta, amanna & ranganna, nó amharc ar ár n-amchlár iomlán anseo.
Áit Am Rang
Luain Doirí Beaga 4:30 - 5:15in Bailé Grád 1
5:15 - 6:15in Bailé Grád 3
Déardaoin Clochán Liath 4:15 - 5:00in Bailé Grád 1
5:00 - 5:45in Bailé Grád 2
5:45 - 6:40in Bailé Grád 3
Aoine Fál Carrach 5:30 - 6:15in Bailé Grád 2

CUIR CEIST NÓ DÉAN ÁIRITHINT ANOIS




Teistiméireacht a Tugadh

"Tá mo thrí iníon i ndiaidh freastal ar Scoil Damhsa Forristal agus bhain siad sult as gach bomaite. Is múinteoir iontach í Deirdre agus tá sí fíorphaiseanta faoin damhsa. Tá a fuinneamh agus a tiomantas le léiriú agus le feiceáil i gcónaí.

Ina ranganna spraíúla, fuinniúla spreagann agus cothaíonn sí a cuid daltaí le foghlaim, dul chun cinn agus barr feabhais a bhaint amach sa damhsa, agus ag an am céanna cuireann sí go mór lena muinín agus iad ag fás."

Juanita Mc Fadden

juanita mc fadden