Ranganna Bailé Idirmheánach
Tá na ranganna seo dírithe ar pháistí ó 9 mbliana d’aois ar aghaidh. Tosaíonn siad ag mionchoigeartú theicníc an bhailé agus ag neartú na bprionsabal bunúsach, agus an cruthaitheacht, spraoi agus samhlaíocht á gcoinneáil i gcroílár an ranga.
Cuireann damhsa smacht, comhordú, cuimhne, solúbthacht, neart, líne, galántacht agus seasmhacht chun cinn. Déanann léiriú féinmheas dearfach a fhorbairt agus féinmhuinín a chothú, cuidíonn sé le spóirt eile agus tá spraoi iontach ag baint leis!
Tá gach páiste ábalta buntheicnící a thaispeántar dóibh a thuiscint agus a leanúint má dhéantar iad a léiriú i gceart.
Ceann de na bronntanais is mó a thig leat a thabhairt do do pháiste ná deis a thabhairt dóibh an damhsa a fhoghlaim.
Tá na ranganna seo dírithe ar pháistí ó 9 mbliana d’aois ar aghaidh. Tosaíonn siad ag mionchoigeartú theicníc an bhailé agus ag neartú na bprionsabal bunúsach. Ní hamháin sin, ach déantar cinnte go bhfuil cruthaitheacht, spraoi agus samhlaíocht a gcaomhnú i gcónaí.
Éide Ranganna Bailé Idirmheánach
Seo a leanas na roghanna éadaigh dár Ranganna Bailé Idirmheánach; cliceáil ar aon cheann de na naisc thíos chun an mhír a fheiceáil nó/agus a cheannacht ónár siopa ar líne.
-
Cailíní : Bairr
-
Cailíní : Loirgneáin
-
Cailíní : Bróga
-
Buachaillí : Bairr
-
Buachaillí : Bríste Gairid
-
Buachaillí : Bróga
Ionaid & Amchlár
Tá ranganna Bailé Idirmheánach ar siúl faoi láthair i 4 ionaid i gContae Dhún na nGall.
Caith súil ar an amchlár Bailé Idirmheánach thíos le laethanta, amanna & ranganna, nó amharc ar ár n-amchlár iomlán anseo.| Lá | Áit | Am | Rang |
| Luain | Doirí Beaga | 4:30 - 5:15in | Bailé Grád 1 |
| 5:15 - 6:15in | Bailé Grád 3 | ||
| Déardaoin | Clochán Liath | 4:15 - 5:00in | Bailé Grád 1 |
| 5:00 - 5:45in | Bailé Grád 2 | ||
| 5:45 - 6:40in | Bailé Grád 3 | ||
| Aoine | Fál Carrach | 5:30 - 6:15in | Bailé Grád 2 |
CUIR CEIST NÓ DÉAN ÁIRITHINT ANOIS
Ár Stíleanna Damhsa Eile
Ardán & Taibhiú
Teistiméireacht a Tugadh
Moladh Scoil Damhsa Forristal go hard dúinn agus níor lig sí síos muid ar dhóigh ar bith.
maggie thomson
Cuireadh ceol galánta in aithne dár iníon, atá ocht (8) mbliana d'aois, d'fhoghlaim sí an dóigh le guaim a choinneáil uirthi féin agus bogadh go maorga i rith an ama fríd clár bailé cuimsitheach atá réchúiseach agus spraíúil.
Mholfainn an scoil go hard do pháistí agus déagóirí, ní miste cén cumas atá acu.
