Ranganna Bailé Grád 4


Tá na ranganna seo dírithe ar pháistí agus ar mhic léinn os cionn12 bliana d’aois. Dhéantar theicníc agus ealaín an damhsa a fhorbairt, chomh maith le foclóir nua a mhéadú agus scileanna níos forbartha a chur leo.

Cuireann an damhsa smacht, comhordú, cuimhne, solúbthacht, neart, líne, galántacht agus seasmhacht chun cinn. Déantar féinmheas dearfach a fhorbairt agus féinmhuinín a chothú, cuidíonn sé le spóirt eile agus tá spraoi iontach ag baint leis! 

Tá gach páiste ábalta buntheicnící a thuiscint agus a leanúint má dhéantar iad a thaispeáint agus a mhúineadh i gceart.

Ceann de na bronntanais is mó a thig leat a thabhairt do do phaiste ná deis a thabhairt dóibh an damhsa a fhoghlaim.




Éide Ranganna Bailé Grád 4

Seo a leanas na roghanna éadaigh dár Ranganna Bailé Grád 4; cliceáil ar aon cheann de na naisc thíos chun an mhír a fheiceáil nó/agus a cheannacht ónár siopa ar líne.

Ionaid & Amchlár

Tá ranganna Bailé Grád 4 ar siúl faoi láthair i 4 ionaid i gContae Dhún na nGall.

Caith súil ar an amchlár Bailé Grád 4 thíos le laethanta, amanna & ranganna, nó amharc ar ár n-amchlár iomlán anseo.
Lá Áit Am Rang
Máirt Ghlaisigh 6:00 - 7:00in Bailé Grád 4
Féach ar fad Bailé Sinsearach »

CUIR CEIST NÓ DÉAN ÁIRITHINT ANOIS




Teistiméireacht a Tugadh

"Tá mo thrí iníon i ndiaidh freastal ar Scoil Damhsa Forristal agus bhain siad sult as gach bomaite. Is múinteoir iontach í Deirdre agus tá sí fíorphaiseanta faoin damhsa. Tá a fuinneamh agus a tiomantas le léiriú agus le feiceáil i gcónaí.

Ina ranganna spraíúla, fuinniúla spreagann agus cothaíonn sí a cuid daltaí le foghlaim, dul chun cinn agus barr feabhais a bhaint amach sa damhsa, agus ag an am céanna cuireann sí go mór lena muinín agus iad ag fás."

— Juanita Mc Fadden

juanita mc fadden