Ranganna Bailé Grád 3


Tá na ranganna seo dírithe ar pháistí ó 9 mbliana d’aois ar aghaidh. Tosaíonn siad ag mionchoigeartú theicníc an bhailé agus ag neartú na bprionsabal bunúsach, agus an cruthaitheacht, spraoi agus samhlaíocht á gcoinneáil i gcroílár an ranga.

Cuireann damhsa smacht, comhordú, cuimhne, solúbthacht, neart, líne, galántacht agus seasmhacht chun cinn. Déanann léiriú féinmheas dearfach a fhorbairt agus féinmhuinín a chothú, cuidíonn sé le spóirt eile agus tá spraoi iontach ag baint leis!

Tá gach páiste ábalta buntheicnící a thaispeántar dóibh a thuiscint agus a leanúint má dhéantar iad a léiriú i gceart.

Ceann de na bronntanais is mó a thig leat a thabhairt do do pháiste ná deis a thabhairt dóibh an damhsa a fhoghlaim.

Tá na ranganna seo dírithe ar pháistí ó 9 mbliana d’aois ar aghaidh. Tosaíonn siad ag mionchoigeartú theicníc an bhailé agus ag neartú na bprionsabal bunúsach. Ní hamháin sin, ach déantar cinnte go bhfuil cruthaitheacht, spraoi agus samhlaíocht a gcaomhnú i gcónaí.




Éide Ranganna Bailé Grád 3

Seo a leanas na roghanna éadaigh dár Ranganna Bailé Grád 3; cliceáil ar aon cheann de na naisc thíos chun an mhír a fheiceáil nó/agus a cheannacht ónár siopa ar líne.

Ionaid & Amchlár

Tá ranganna Bailé Grád 3 ar siúl faoi láthair i 4 ionaid i gContae Dhún na nGall.

Caith súil ar an amchlár Bailé Grád 3 thíos le laethanta, amanna & ranganna, nó amharc ar ár n-amchlár iomlán anseo.
Áit Am Rang
Luain Doirí Beaga 5:15 - 6:15in Bailé Grád 3
Déardaoin Clochán Liath 5:45 - 6:40in Bailé Grád 3
Féach ar fad Bailé Idirmheánach »

CUIR CEIST NÓ DÉAN ÁIRITHINT ANOIS




Teistiméireacht a Tugadh

Moladh Scoil Damhsa Forristal go hard dúinn agus níor lig sí síos muid ar dhóigh ar bith.

Cuireadh ceol galánta in aithne dár iníon, atá ocht (8) mbliana d'aois, d'fhoghlaim sí an dóigh le guaim a choinneáil uirthi féin agus bogadh go maorga i rith an ama fríd clár bailé cuimsitheach atá réchúiseach agus spraíúil.

Mholfainn an scoil go hard do pháistí agus déagóirí, ní miste cén cumas atá acu.

maggie thomson